School: Caladh na Muc
- Location:
- Callownamuck, Co. Galway
- Teacher: -

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 068
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 068
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht aon cheardtha amháin san gceanntar seo. Is le muinntir Donnchadha i gCarramór an Chnuic é. Teach ceann-tuighe atá ann. Urlár stroighin atá ann. Teine amháin atá ann. Bíonn píc ar an doras.
Seo iad na h-uirlísí a bhíos aige - an inneoin, casúr, ord, teanchair agus builg. Gníonn sé crúidhte capall, céáchtaí, táirgní, bolts, agus rotha iarainn. Deisigheann sé neithe iarainn a bhíos briste freisin.
Bhí beirt gabha annseo fadó i gCaladh na Much - Micheal agus Domhnall Ó Conghaola. Micil Gabha a tugtaí ar an gcéad ainmnighthe. Cainnteoir maith Gaedhilge a bhí ann agus bhí sé i ndon a sgríobhadh freisin. Bhailigheadh muinntir an cheanntair isteach san gceardthain um' tráthnóna agus is annsin a bhíodh sgéalta dhá n-innsint agus nuaidheacht an pharráiste dhá scaipeadh. Micil Gabha(continues on next page)