School: Caladh na Muc
- Location:
- Callownamuck, Co. Galway
- Teacher: -

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 035
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 035
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Ní leigfidhe do dhuine ar bith gual dearg a thabhairt as an tigh leis faid is a bheirthfidhe ag déanamh maistreadh.
2.Ceangailtear píosa éadaigh dearg do ruball na bó.
3. Má dóirteann duine salann caitheann sé thar a ghualann é trí uaire.
4. Má bhriseann duine sgáthán beidh seacht mbliadhna de mhí-ádha aige.
5. Is cuma má tugtar céad buicéad d'uisge isteach sa teach le linn maistreadh á dhéanamh caithfear braon as gach ceann a chur san gcuinneog.
6. Cuirtear blaosg na n-ubh fá na craitheacha tar éis teacht amach do na sícínibh.
7. Ní leigfidhe do dhuine ar bith bainne a thabhairt as an teach leis lá Bealtaine.
8. Ní leigfiedh do dhuine dul amach doras eile seachas an ceann trén ar tháinig sé isteach ar eagla go dtiubh[a]rfadh sé rath an tigh leis.
9. Crochtar crudh capaill ós cionn an dorais.