School: Caladh na Muc
- Location:
- Callownamuck, Co. Galway
- Teacher: -

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0065, Page 005
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 005
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tagann lucht siubhail go dtí an cheanntar seo go mion minic. 'Siad na daoine cíodna a thagann i gcomhnaidhe. Tagann Muinntir Giollarnáith, Furey agus Ó Raghallaigh. Bíonn cannaí stáin agus mugaí a dhéineann siad féin dhá ndíol aca. Ní bhíonn fonn díolta ortha, mar sin féin, is dóigh liom. Sórt leithsgéal iad na cannaí chun déirce d'iarraidh ó theach go teach. Is fearr leo airgead d'fhághail nó rud ar bith eile. Bíonn bágún, plúr, im, tae agus bainne ag teastáil uatha freisin. Dá mhéid a tugtar dóibh bíonn tuile eile ag teastáil uatha. Bíonn paidir ar bhall ar dteangan acua i gcomhnaidhe do'n duine flaitheamhail - "go méaduighidh Dia do stór nó go bhfágaidh Dia do shláinte agat" "nár lagaidh Dia do láimh" rl.
Daoine cneasta a bhurmhór. Teighid ar Aifreann nuair a bhíd gar don séipéal. Chuaidh cuid aca fá láimh Easbuig in Uachtar Árd i mbliadhna 1938.
Bíonn asail, capaill agus cáirr aca. Is minic a bhíonns madraí deasa aca freisin. Cuireann siad campaí in áirde ag an Rinín (?) nó ag Shrue. Codhluigheann siad ionnta sin san oidhche. Bíonn teine aca in aice an bhóthair agus ullmhuigheann siad na béile annsin. Má fhanann siad ró-fhada san áit cuireann na gárdaí ruaig ortha.- Collector
- Madelín Ní Chárthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Callownamuck, Co. Galway
- Informant
- Oileabhéar Ó Chárthaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Carrowmoreknock, Co. Galway