School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí cailín darbh ainm Maighreádh Ní Gráinne ina comhnuidhe i gCul Áirne tamall ó shoin. Thárla timpist dí uair amháin agus bhí sí bacach in a dhiaidh sí. Bhí cailín eile sa teach freisin. Driothúir do Maighréad do'b eadh í. Úna an t-ainm a bhí uirthí. Bhíodh sí i gcomhnuidhe ag magadh fé'n gcailín bacach. Acht mar sin féin cailín laghach cineálta a bhí i Máighréad go crosta sanntach.
Oidhche amháin bhí an cailín in a suidhe chois na teine leí féin nuair a bhí 'chuile duine eile de'n líon-tighe imthighthe in a gcodhladh. Bhi Úna le posadh i gcinn seactmhaine agus bhí fhios ag ag Maidhréad nach bpósfadh aoinne í nuair a bhí sí bacach. Thosuigh sí ag caoineadh go bronach nuair a chuimhnigh sí ar sin.
Chuala sí buile ag an doras. Tar isteach ar sise. Táinic sean-fear liath isteach sa teach. "Cé'n fáth an bhfuil tú ag caoineadh a chailín óg" ar seisin. Ní raibh Maighréad in ann rud ar bith ar radh, leis an eagla. "Ó, ná bíodh eagla ort anois, buailfidh mise tú leis an slaitín seo agus ní bheidh tú bacach as seo amach" ars an fear. Bhuail sé an cailín leis slaitín draoidheachta agus as sin amach ní raibh sí bacach ar chor ar bith.
Ní fhaca sí an sidheóg ariamh in a dhiaidh.

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní hEóláin
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Padhraig Ó Comáin
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish