Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
Cregmore, Co. Galway
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus tiubhraidh tusa míle púnt dom-sa muna ngoidfidh arsa Pól. Bhíodh sé in a mhargad arsa Seán. An oidhche sin bhí Pól in a leabaidh agus an braoiliín faoí agus dhá phiostal faoi'n gcluasán. Bhí bord beag ag an leabhaidh agus lampa mór lasta air. Chuaidh Seán go dtí an roilig agus d'fhosgail sé uaigh agus thóg sé corp fir as an gcómhrainn. Cuir sé a culaith féin ar an gcorp agus thug go fuinneóig seómra Phóil é. Cuir sé ceann an corp suas leis an bhfuinneóig agus tarraing sé anuas arís é. "Há" arsa Pól Tá tú annsin a rógaire". Rinne Seán an cleas céadna arís agus arís eile. Faoi dheireadh sgaoil Pól piléar faoí Seán. Chaith Seán an corp ar an talamh, agus chuaidh sé i bfolach ins an gcúinne. Tháinig Pól amach "Bhfuil tú marbh" ar seisin. Ní fuair sé aon fhreagra. "Bfuil tú marbh nó an gcloiseann tú mé, ar seisin arís. Act ní fhuair sé aon fhreagra. Leag sé a lámh air agus glaoidh amach "Ó a tighearna tá sé fuar marbh. Act cuirfidh mé ins an ngairdín é nó crochfaidh a muinntir mé. Bhí Seán ag éisteacht agus fuar Pól laidhe agus thug sé an corp síos go dtí an gáirdín. Rómhair sé poll mór agus cuir sé an corp ann. Annsin tháinig sé isteach agus cé cifeadh sé ar an mbord agus an braitlín faoí na asgaill aige agus é ag caitheamh a phíopa acht Seán. "Ó" arsa Pól "imthig leat. Tá tusa marbh. Níl mé marbh acht tá mé comh beó leath féin. Marbhuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Neachtain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lisheenavalla, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Seóighe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Carheenlea, Co. Galway