School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

abhaile.
As sin amach bhí an ramharc ag Nóna chómh maith agus bhí sí ag duine ar bith eile, acht d'fan an tainm "Nóna Dall" uirthí ar feadh tamall fada in a dhiaidh sin.

Ins an sean-aimsear bhí fear darbh aimn Liam Ó Rúadháin in a cómhnaidhe i ngar do Baile Loch Raibhach. Ní raibh aige act mac amhain agus bhí sé ina leath-amádán. Gach tráthnóna théigheadh sé amach ag siubhal agus bhíodh sé deireannach go minic nuair a thagadh sé isteach. Bhíodh a athair ar buile mar bhí na daoine ag rádh go raibh sideóg le feiceál san áit.
An oidhche seo chuaidh sé amach mar ba gnáth leis. Chuaidh sé achar maith o'n a teach féin. Nuair a diompuigh sé le dul abhaile bhí sé an-dheireannach, acht bhí solas breagh aige mar bhí an lán agus bhi go leór réaltóga sa spéir.

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní hEóláin
Gender
female
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Informant
Padhraig Ó Comain
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish