Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- Cregmore, Co. Galway
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 172
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)droitheár agus thuit sé ar an urlár le feaithchios agus thug sé an talamh do Stiobhán gan aon chíos in a dhiaidh sin.
- Sgéal
Bhí fear í n-Éirinn fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Feasóg Ghorm. Bhí ceithre bhean dhéag pósta aige. Acht an lá seo chuaidh sé ar thuairisg bean eile agus tháinig sé go dtí bothán beag. Ní raibh istigh roimhe ach an t-athair agus a bheirt ingheann agus bhí an mháthair caillte. Sé an tainm a bhí ar na cailiní Máire agus Nóra. Dfiafhruigh Feasóg Gorm dá n-athair a dtiubhradh se ceann do na h-ingheanacha dó le pósadh. Dubhairt Nóra nach bpósadh sí féin é. Ach dubhairt Máire go bpósadh sí féin é. Pósadar annsin bhí bhainis seacht n-oidhche agus seacht lá acú. Nuair a bhí an bhainis thart dubhairt Feasóg Ghorm go rachaidh sé ar chúairt chuig a mhuinntir. Dfhágh sé eochair le h-aghaidh gach seómra ag a bhean, acht eochair aon tseómra amháin agus dubhairt sé leithí gan dul isteach san seómra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Coileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Coileáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lisheenavalla, Co. Galway