School: Doire Mór Iata (roll number 16599)

Location:
Derryvoreada, Co. Galway
Teacher:
Hannraoi Ó Coinnigh

Filter stories

Back
/ 199 Forward
Resolution: Low | High
Doire Mór Iata | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0007, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

driathár i mbéal na mbreach agus bhí beirt driathar san teach leobh agus bhí tuairim ceithre cruacaí coirce acú agus scuabadh uilig iad acht ceann amháin. Is iomdha díoghbháil a déanamh ar na daoine Oidhche na Gaoithe Móire mar leagadh na tighthe agus scuabadh an féir agus an coirce uatha. Tá cuid de na daoinibh beo fós acht tá siad sean anois agus tá cuimhne acú go maith ar an oidhche sin mar abrann siad "Oidhche Chinn an dhá lá dhéag béidh cuimhne uirthi go h-éag."

Tá sé tuairim le céad bliadhan ó bhí Oidhche na Gaoithe ann. Oidhche Cinn an dá lá dhéag a bhí sé ann agus tháinig gaoth mór ann agus leag sí na tighthe agus na daoine agus chrath sí an talamh.

Cuireadh an t-iasg a bhí i n-Iorrus Mór cuireadh sna spéiribh iad. Bhí an t-iasc ar fud na sléibhtibh. Chuir sí an sáille ins na spéiribh freisin. Bhí an t-sáille ar nós sneachta nuair a bhí sé ar an talamh. Bhí fear in-a comhnuidhe ar an gCearad Garbh

(continues on next page)
Informant
Padraic Seóige Máirtín
Gender
male
Address
Derryvealawauma, Co. Galway
Language
Irish