Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0274
  3. XML “An Dragún”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    n-aithneóchadh sí arís iad.
    Bhí an beirt acu chomh tuirseach agus gur thuit siad 'na gcodladh. Dubht. siad leis an leomhan fanacht ghá bhfaireadh acht bhí an leomhan é féin chomh tuirseach agus gur thuit sé féin in a chodladh. Dubht. an leomhan leis an mbéar fanacht ghá bhfaireadh ach bhí an béar comh tuirseach agus gur thuit sé féin 'na chodladh. Acht dubht. sé leis an sionnach ar a bhfaca sé riamh fanacht agus iad d'fhaireadh ach bhí an sionnach chomh tuirseach agus gur thuit sé féin in a chodhladh. Dubht an sionnach leis an ngiorrfiadh thrí a bhfaca sé riamh iad d'fhaireadh acht bhí an oiread tuirse ar an ngiorrfiadh le ceachtar acu agus thuit sé féin in a chodladh. Nuair a bhíodar 'na gcodladh tháinig taoiseach mór go dtí iad agus bhain sé an cloigeann de mha[?] an dearbhráthair bocht agus dubht le h-Inghin an Ríogh go marbhóchadh sé í féin mara ndéarfadh sí gurab e seo a mharbhugh ar dragún.
    Bhí fleadh agus féasta i bpálás an Ríogh i gcaith' na h-oidhche sin ach nr. a bhí an pósadh le déanamh d'iarr Ingin an Ríogh lá agus bliadhain sul má phósfaí iad.
    Nr. a dhúisigh na h-ainmidhthe agus chonnaic an buachaill agus é marbh bhí siad ag dul ag mar[?] an giorrfiaidh bhoicht ach dubht. an g. leo gan é do mharbhú, go raibh fhios aige féin cé'n áit a rai [?] luibh a chuirfeadh an ceann air arís. D'imthigh leis an ngiorrfiadh ar nós na gaoithe agus ní r. se mórán le cúig nóiméad imthighthe nr. a bhí sé ar ais arís agus an luibh aige. Cuir sé an ceann ar mhac an dr. bocht.
    Cúpla lá 'na dhiaidh sin tháinig Inghin an Ríogh arís agus dubht sí leó go raibh sí le pósadh le taoiseach eile acht dá bhféadadh sí féin nach bpósfadh sí é. D'imthigh léi abhaile agus níor tháinig sí arís go dtí iad go ceann trí ráithe Tháinic sí annsin agus d'innis sí an sgéal don bhuachaill. Dubht. seisean léi imtheacht agus gan a theacht níos mó "go dtí an lá a mbeidh sibh le pósadh" agus fhiafruighe dó féin an lá sin "Cá'il na (cloigne) teangaí 'bí sna cloigne seo?"
    Bhí go maith 's ní raibh go h-olc. Rinne I. an R. amhlaidh. Tháinig sí arís an lá raibh sí le pósadh, agus dubht mac an d.b. leis an leomhan a dhuil ag iarraidh an fhíona is fearr a bhí ag' an rí. D'imthigh leis an leomhan agus fuair an fíon is fearr a bhí ag an ríogh. Chuaid an sionnach ag iarraidh airgid dhá mháistir agus fuair sé é ó I. an R. agus fáilte. Tháinig an béar annsin chuig an rí agus dubht. sé go gcaitfeadh a mháistir cuireadh fhágháil chuig an mbainis. Fuair sé an cuireadh agus chuaidh ann.
    Is gearr a bhí mac an d.b. ag an mbainis nuair a d'fhiafruigh I. an R., - "Cá'il na teangaí bhí sna cloigne seo?" agus thaisbeáin sí na seacht gcloigne bhí ar an dragún. Bhreathnuigh an rí ar na cloigne agus connaic sé nach raibh teanga féin ionnta. Dubht. an Taoiseach go raibh siad ann nuair a thug sé féin leis é. - "Cá'il an fear seo a tháinig isteach anois a bhfuil na h-ainmhidhthe aige?" adeir an Inghin Tháinig sé go dtí í agus theasbáin sé na teangaí agus dubht. sé gurab é féin a mharbhuigh an dragún.
    Bhí go maith srl. Pósadh mac an d.b. agus Ingin an R. Is gearr a bhí siad pósta nuair a chuaidh an buachaill ag cuartú a dhriothára (dhreára). Bhí sé trí seachtmhaine imthighthe nuair a chonnaic sé é. Tháinig an bheirt dearbhráthair ar a chéile agus bhí rímead mór ar an mbeirt acu iad casadh dá chéile. D'innis gach duine acu do'n duine eile gach iongangas dhá bhfaca siad. Táinigeadar go dtí an pálas agus mhair siad go suimhneach sásta i n-a dhiaidh sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Baile Láir, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Gríobhtha
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Baile Láir, Co. Galway