School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. na Gaillimhe
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0275
  3. XML “An Triúr Iníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    thiubhradh. D'imthigh léithe annsin agus an chéad duine eile a casadh uirthe Naomh Pádhraic agus d'iarr seisean na h-anamacha uirthe freisin acht dubhairt sí nach dtiubhradh. An chéad duine eile a casadh uirthe Naomh Domhnall sé sin Mac Dé. D'iarr seisean na h-anamacha agus dubhairt sise go dtiubhradh dhá mbeadh fhios aice cé é féin. "Mise Mac Dé" ar seisean. Thug sí dó-san na h-anamacha agus thug sí aghaidh ar an mbaile annsin.
    Ó thárla go raibh sí bliadhain is fiche ar fad imthighthe cheap a fear nach dtiocfadh sí choidhche agus cheap sé go mb'fhearr dhó pósadh arís. Rinneadh an cleamhnas agus bhíodar le pósadh acht go gcaithfidhe an bhainfhéis roimh an bpósadh. Bhí an fleadh ghá chaitheadh nuair a tháinic an chéad bhean chomh fada leis an teach. Chonnaic sí sgurach i n-a shuidhe ar an gclaidhe agus ba é a mac féin é a bhí bliain is fiche d'aois an t-am seo acht níor aithin sí é. Dubhairt sí leis a dul isteach chuig fear an tighe agus gloine fuisge a iarraidh air do thaistealaidhe bocht. Chuaidh sé isteach agus thug sé amach an gloine. Níor rinne sise acht a fáinne a chaitheamh síos ann agus dubhairt sí leis é a thabhairt isteach arís chuig fear an tíghe. Nuair a chonaic seisean an fáinne dubhairt sé; "Is fíor sin, téigheadh chuile dhuine agaibh abhaile i n-' áit féin tá an féasta caithte suas." Mhair sé féin agus a mhnaoi agus a mhac go sona sásta agus fuaireadar saoghal fada mar gheall ar mheisneach na mná. Pádraic Ó Cearra, Rang V, d'athsgríobh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    AT0480: The Spinning‑Women by the Spring. The Kind and the Unkind Girls.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Cor na Rón, Co. na Gaillimhe