Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thiubhradh. D'imthigh léithe annsin agus an chéad duine eile a casadh uirthe Naomh Pádhraic agus d'iarr seisean na h-anamacha uirthe freisin acht dubhairt sí nach dtiubhradh. An chéad duine eile a casadh uirthe Naomh Domhnall sé sin Mac Dé. D'iarr seisean na h-anamacha agus dubhairt sise go dtiubhradh dhá mbeadh fhios aice cé é féin. "Mise Mac Dé" ar seisean. Thug sí dó-san na h-anamacha agus thug sí aghaidh ar an mbaile annsin.
Ó thárla go raibh sí bliadhain is fiche ar fad imthighthe cheap a fear nach dtiocfadh sí choidhche agus cheap sé go mb'fhearr dhó pósadh arís. Rinneadh an cleamhnas agus bhíodar le pósadh acht go gcaithfidhe an bhainfhéis roimh an bpósadh. Bhí an fleadh ghá chaitheadh nuair a tháinic an chéad bhean chomh fada leis an teach. Chonnaic sí sgurach i n-a shuidhe ar an gclaidhe agus ba é a mac féin é a bhí bliain is fiche d'aois an t-am seo acht níor aithin sí é. Dubhairt sí leis a dul isteach chuig fear an tighe agus gloine fuisge a iarraidh air do thaistealaidhe bocht. Chuaidh sé isteach agus thug sé amach an gloine. Níor rinne sise acht a fáinne a chaitheamh síos ann agus dubhairt sí leis é a thabhairt isteach arís chuig fear an tíghe. Nuair a chonaic seisean an fáinne dubhairt sé; "Is fíor sin, téigheadh chuile dhuine agaibh abhaile i n-' áit féin tá an féasta caithte suas." Mhair sé féin agus a mhnaoi agus a mhac go sona sásta agus fuaireadar saoghal fada mar gheall ar mheisneach na mná. Pádraic Ó Cearra, Rang V, d'athsgríobh.- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. Galway