Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0273](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0273.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0273
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)adeir an bhean "tiubhraidh mé giní san oidhche dhuit acht an seomra atá i mbarr an títhe agam a chumhdach." Leagadh anuas a dóthain le n-ithe agus le n-ól aice ar fhaitchíos go mbeadh ocras ná tart uirthe.
Maidin lá'r na mháireach nuair a chuaidh bean an tighe chuig an seomra chonnaic sí an inghin seo sa leabaidh, í i n-a codhladh agus múnlachaí alluis léithe. D'fhan sí mar sin ar feadh trí ráithe gan dúiseacht. I ndeireadh an ama sin dhúisigh sí agus i gcionn cupla lá eile rugadh mac óg dí. Annsin tháinic a fear go dtí í agus dubhairt léi:- "Caithfidh mise a dhul go h-Ifreann anois lé anam mo dhearbhráthara, m'athar, agus mo shean-fhear a shaoradh." "Rachaidh mise ann" ar sise. "Ní rachais," adeir sé, "ní bheitheá i ndon a sheasadh." "Tiocfad, ar sise, agus ná bíodh a thuille faoi."
Chuaidh sí go h-Ifreann agus bhain sí seacht mbliadhna amach ann. Annsin d'fhiafruigh sí do'n deabhal a bfhéadfadh sí imtheacht agus dubhairt an deabhal nach bhféadfadh go raibh seacht mbliadhna eile uirthe. Nuair a bhí na seacht mbliadhna eile istigh aice d'fhiafruigh sí dhó arís an bhféadfadh sí imtheacht agus dubhairt seisean nach bhféadfadh go raibh seacht mbliadhna eile uirthe. Nuair a bhíodar sin thart thug an deabhal na trí h-anamacha di agus iad geal gléigeal. Thug sí léithe iad agus ríméad mór uirthe agus nuair a chuaidh sí amach as Ifreann ba é an chéad duine a casadh di ná Naomh Peadar. D'iarr sé na h-anamacha uirthe acht ní(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe