Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- Termon, Co. Donegal
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 310
- XML “Siúltóra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an caiftín go nglacfadh sé é saor, dá dtroidfeadh sé an fear is fearr a bhí i Meirica. Dubhairt seisean go dtroidfeadh. Nuair a shroc sé an talamh chuir siad fa choinne an fear troda, agus thainig sé.
Rinne siad ciorcal do na fir a bhí ag troid ann. Chuir an fear seo ceist ar an fhear is fearr a bhí i Meirica.
"Caidé mar thoisigheas muid ar an throid,"
Dubhairt an fear troda, "Siubhailaidh duine amháin thart leath an chiorcail, agus an duine eile thart an taobh eile. Nuair a chasfaidh muid ar a chéile craithfidh muid lámh agus toiseóchaidh muid ar an troid. Shiubhail an fear thart leath an chiorcail, agus an fear troda an leath eile. Nuair a chas siad ar a chéile chraith siad lámh, agus tharraing an fear an lámh amach as gualainn an fir troda, agus thuit an fear troda luige. Thug an caiftín an fear ar bórd saor na bhaile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seamús O Riodain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tirkillin, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seamús O hAelfeartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tirkillin, Co. Donegal