School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Croise
- XML Page 237
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go rabh siad ins na flaithis.
D’imthigh an duine bocht leis, agus shiubhal leis fríd draoighean agus dreasógaí, anuas le h-alltaibh agus fríd gleanntaibh agus ach an chearn a ba [cnapanaighe]? agus ba deacaireach a siubhail ariamh go dtainig an oidhche air agus nuair a bhí sé ag éirigh dorcha connaic sé solus agus dar leis fhéin go racadh sé go n-iarradh dídeán na h-oidhche ar bunadh an toighe an oidhche sin agus go rachadh sé i gcionn an t-siubhail i dtús an lae arais.
Chuaidh sé isteach agus dfiafruigh sé a bhfuigheadh sé foras go maidin agus dubhairt siad leis go bfuigheadh. D’fiafruigh siad do ca rabh sé ag dul agus dubhairt sé leobhtha go rabh sé dul na bflaitheas. Agus [h-ubhradh]? Leis ar ndóiche go rabh astar fada faoi.
D’iarr sé greim bidh a dheánamh réidh do agus rinneadh. Chuaidh sé isteach ‘un t-seomra agus nuair a bhí sé na shuidhe deánamh codach, bhí pioctúir na Maighdeanna Muire agus a Leanbh astoigh crochta in - áirde os a chionn. Bheir sé ar ghiota de’n arán agus sín sé chuig an phioctúir é agus le sin shín an leanbh a lámh amach cuige agus dubhairt an Maighdean Muire. “Tá muid-sinne agat sa anocht ach bheídh tusa againne ambárach”.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní g Congail
- Gender
- Female
- Address
- Meenadreen, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ó Cailín
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Meenadreen, Co. Donegal