School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreabhach fad ó shoin agus fuair a fear bás. Bhí mac amháin aici agus ní rabh riocht ar bith ann, agus sé an cheird a chur sí roimhe táilliúracht. D’foghluim sé an cheird go h-an mhaith. Bhí go maith ‘s ní rabh go olc. Bhuail sé leis an ól. Maidin amháin thug a máthair an scamhlail do. Thug sé leis an clár, an siosúir, agus an miosúr, agus culaidh amháin a bhí istoigh aige.
Lá te samhraidh a bhí ann. D’imthigh sé leis, agus shuidh sé sios ag bun crann ag deánadh an chulaidh. Tháinig pláigh mór cneamhair agus chaith sé an siosúr ortuú agus marbh sé naoi gcead aca. “John Lowe” an t-ainm a bhí ag na daoiní air. Arsa seisean leis fein ní’l aon fear a rinne sin nach ndeánfadh gairceamhlacht agus sgríobh sé síos ar bhun an chrainn é :- “John Lowe killed nine hundred’ with one blow”
Siubhal sé leis go dtí go dtáinig sé fhad le droichead. Bhí beirt fathach annsin ag deánamh droichid. Léim sé suas i gcrann mhór agus bhí a phócaí lán cloch beag. Thoisigh sé a caitheadh smeideogaí síos ar fhear aca, agus shil an fathach gurabé a dheárbhrathar(continues on next page)- Informant
- Pádruig Mac g Congail
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Meenadreen, Co. Donegal