School: Mín na Croise
- Location:
- Mín na Croise, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Choileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus déan cúpla tuirtín mhín - chuaidhghil a bhéidheas liom 'na cuirme. Chuaidh sí isteach agus rinne sí sin dó agus d'imthigh sé leis árd- tráthnóna 'na chladaigh, thóg amach croc an ime agus d'ith leis go rabh na tuirtíní itthe agus an maoil de'n chroc. Luigh sé siar annsin agus chodhlaigh a sháith.
Tháinig sé abhaile ag teacht an lae agus leig air go rabh sé bog-ólta i ndiaidh an bhaistigh. "c'ainm a thug sibh ar an pháiste agus caidé bhí ann." Páiste giorrsaigh agus tugadh an "Maoil" uirthí arsa seisean go leath-chrosta. "Maise nach gránna an t-ainm é sin ar pháiste ar bith" ars sise "Ná labhair focal amháin ars an madadh ruadh no sgubfaidh mé an cloiginn díot."
Cúpla lá 'na dhiaidh sin agus é ag cóirriughadh 'n chlaidhe os coinne an dorais sgairt sé amach arís Hoi! hoi! hoi! Caidé sin ort? arsa'n chorr. "Tá" ar seisean "fear thall annsin 'mo iarraidh le páiste a chongbhailt le baisteadh." "An bhfuair mise cuireadh?" arsa'n chorr bhocht ag amharc trasna'n chuan. "Cé bhéarfadh cuireadh duitse." ar seisean go feargach "Gabh isteach annsin agus déan cúpla tuirtín mhín - chuaidhghil damhsa agus bíodh siad níos doimhne na na chéad rudaí." Maise ar sise nach ??? iad a dhioghfadh amuigh duine amháin i dteaghlaigh ar bith, agus chuaidh siteach ag readhchain an bhidhe. D'imthigh sé leis árd-tráthnóna ag tarraingt 'na chladaigh(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choileáin
- Gender
- Female
- Age
- 31
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Gleann Cholm Cille, Co. Donegal