School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 356](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_356.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 356
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 356
- XML “An Cailín Dílis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shiubhail siad leo go dtáinic an tráthnón[a] orra agus chonnaic siad an tóir ag teacht n-a ndiaidh. Tharraing sise uirri an t-slat-draoidheachta agus rinn sí teach deas do'n ghasúr, rinn sí sean-bhean dithe fhéin agus shuidh sí istigh ag an teinidh. Tháinic an rí agus a chuid fear go dtí an teach, shuidh siad a amharc air, agus nuair a tháinic an oidhche ortha d'imthigh siad 'n-a bhaile.
Nuair a fuair an giorsach ar shiubhal iad, chuir sí í fhéin agus an ghasúr ann a riocht fhéin arais agus bhuail siad ar aghaidh. An dara lá d'iarr an ghiorsach ar an ghasúr amharc 'n-a dhiaidh an raibh a dhath ag teacht. D'amharc sé thart agus dubhairt sé go raibh an rí agus a chuid fear ag tarraingt ortha.
Rinn an ghiorsach lach dithe fhéin agus bardal de'n gasúr leis an t-slait draoidheachta agus chuaidh siad amach a shnámh ar loch a bhí ann. Tháinic an rí agus a chuid fear(continues on next page)- Collector
- Síghle Níc Ruaidhrigh
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Maighread Níc Ruaidhrigh
- Gender
- Female
- Age
- 37
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal