School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 483
- XML “An Dá Chroiceann Déag”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An dá Chroiceann Déag.Bhí dhá fear paca ann uair amháin. Bhéadh siad ar shiubhal le chéile ag díol éadaigh ‘acha’n lá. Sa deireadh rinn siad suas a n-intinn go bpósadh siad. Chuaidh fear aca siar go Connachta agus phós sé bean annsin, agus phós an fear eile bean i bhfús annseo i gCúige Uladh. Scar siad ó chéile annsin.
Bliadhain ó’n am sin rugadh mach óg i bhfús agus inghean óg thiar. D’imthigh an fear i bhfús siar fá choinne an fear thiar an gasúr a chongbhailt le báisteadh. Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh an fear thiar do ag teacht aniar fá choinne an fear i bhfús an ghiorsach a chongbhailt le báisteadh. Tháinic siad aniar agus báisteadh an leanbh agus annsin chuaidh siad siar agus báisteadh an leanbh thiar.
Rinn siad amach annsin ar thárla go raibh siad fhéin ‘ná dhá chomráduidhe sul ar pósadh iad, an gasúr agus an ghiorsach a phósadh ar a chéile nuair a thiocfadh siad go(continues on next page)- Collector
- Iseabal Níc Pháidín
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Informant
- Proinsias Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal