School: Rann na Feirsde

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 550 Forward
Resolution: Low | High
An Cat agus an Muilteoir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 389

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An Cat agus an Muilteóir

Bhí muilteóir ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige, agus ní raibh sé ró-sháidhbhir. Ní raibh aige ach sean mhuileann, sean-asal, agus cat mór, bán. Bhuail tinneas trom an duine bocht agus ba' an chuma a bhí air nach bhfuigheadh sé biseach. Bhí a lá shuas agus d'aithin sé fhéin go raibh. Scairt sé i láthair ar a thriúr mac go roinnfeadh sé a chuid sáidhbhreas ortha. Thug sé an muileann do'n mhac a ba' sine, an asal dó'n dara mac, agus an cat dó'n mhac a b'óige. Bhí an tríomhadh fear mío-shásta i gceart cionnas nár fágadh aige ach cat mór bán.
"Thig le mo bheirt dearbhrathar", ars an fear óg leis féin, "dóigh mhaith go leor a bheith ortha. Thig le fear aca a bheith ag meilt sa muileann, agus thig leis an fhear eile an min a mhillfear a dhíol ar fud na háite leis an asal. Ach faoi Dia, caidé thig liom-sa a dheanamh mar marbhuigheadh mé an cat mór bán agus

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Grianna
Gender
female
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Informant
Síghle Ní Grianna
Gender
female
Age
60
Address
Rinnafarset, Co. Donegal
Language
Irish