School: Rann na Feirsde

Location:
Rinnafarset, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill

Filter stories

Back
/ 550 Forward
Resolution: Low | High
An Dá Fhrog

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 526

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí sin ann agus más fada ó bhí, bhí dhá frog bheaga ann agus bhí siad mór i gceart le chéile ach ní raibh siad 'n-a gcomhnaidhe san teach chéadna. Bhí ceann acu 'n-a comhnaidhe i linn dhomhain istigh i lár na coilleadh áit a raibh gach rud comh ciúin agus comh socair, Níor bfhéidir áit ní bá deise a fhághail do frog bhig.
Bhí an ceann eile 'n-a comhnaidhe i lochan bheag i lár an bhealaigh mhóir. Leoga bhí droch áit ag an cheann seo. Bhíodh capaill agus carrannaí ag gabhail an bealach mór ó mhaidin go hoidhche agus ar an adhbhar sin bhíodh an t-uisce suaidhte, salach i gcomhnaidhe.
Lá amháin thug frog na coilleadh cuairt ar a caraid agus nuair a chonaic sí an lochan bheag shalach ann a raibh sí 'n-a comhnaidhe bhí truaighe mhór aici dithe.

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Shearcaigh
Gender
female
Address
Annagary, Co. Donegal
Informant
Eoghan Ó Gallchobhair
Gender
male
Age
61
Address
Annagary, Co. Donegal
Language
Irish