School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 449
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgálain le cois na cuideachta eile. D’fhiach sé le fághail comh comhgarach agus a b'fhéidir leis don tsagart óg. Choimhead mac na mí chomhairle go bhfaca sé a lámha tógta in áirde ag an tsagart ag cur air culaith an aifrinn agus annsin thug sé sathadh den chlaidheamh do faoi an asgail chlí, agus thuit an sagart marbh san áit a rabh sé ina sheasamh. Sin an áit a rabh an gleo agus an tuille buaca annsin! Bhí achan duine le na bhuille agus le na urchar ar Mhac na Mí Chomhairle - “an bitheamhnach a mharbh an sagart bocht.” Nuair a bhí siad tuirseach da bhuaileadh diarr sé cead labhairt agus go dtabhairfeadh sé míniú agus fath fan ghríomh a bhí sé tar éis a dheánadh. Tugadh faoiseadh dó agus thoisigh sé agus dinnis sé an sgéal ó thús go deireadh. Bhí moran eile sagart sa chruinniú. Chuir sagart eile air a ribín agus léigh sé tamall os cionn choirp an tsagairt óig a marbhadh. Ní raibh mórán moille gur imthigh an corp 'na splainnc theineadh as amharc amach ag bun na spéire. Shábhail Mac na Mí Chomhairle an pobal, agus ní rabh ag an diabhal ach an sagart bréige, mac an ainspioraid é féin.Ba é Padraig Mac Eiteagáin, fearmoir atá ina chomhnuidh ag ‘Na Fánadh’, An Tearamonn, Co. Dhún na nGall, a d’innis an scéal "Mac na Mí Chomhairle". Bhí sé fa thuairim 45 bliadhna de aois. Rugadh agus tógadh é san áit a bhfuil se na chomhnuidh. Chualaidh seisean an sgeal ag an tsean mhuinntir.
- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Padraic Mac Eiteagáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Fánaibh, Co. Donegal