School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 444

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 444

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 444
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sibh ins an bhaile, ag comhradh cois teineadh abair thusa gur sháith tú do sgian ina leitheid seo de chrann ins an choillidh agus go dteárn tú dearmad dí, agus gur feárr do dhuine innteacht do na buachaillí dhul arais na coilleadh fá na coinne. Annsin fiafruigh dobhtha le chéile cé a rachas. Bíodh an tséisear eile curtha suas agat roimhe sin le radh nach dtéidheann aon duine acu. Abrochaidh mac na mí chomhairle go rachaidh seisean. Is doiche go bhfuigh beathach állta innteacht é sul a bpillfidh sé agus ansin béidh tú réidh le na bhuaidhreadh níos mó.”
    Lá thar na mhárach rinn an t-athair gach rud mar a chomhairligh an Sean Dall dó. Ní rabh eagla ná uaigneas ar Mhac na Mí Chomhairle oidhche na lá. Chuaidh sé arais chun na choilleadh ar shiubhal na hoíche, agus fuair sé sgian a athara sáithte sa chrann.
    Ar a bhealach na bhaile arais do Mhac na Mí chomhairle thainic sé suas le fear eile ar an bhealach mhór, agus thuit an bheirt un comhraidh agus fuair Mac na Mí Chomhairle amach gurb é an diabhal a rabh sé ag cainnt leis. Rinn siad margadh siubhal le chéile go maidin, agus go rabh an diabhal le h-imtheacht nuair a bheirfeadh mac na mí chomhairle an t-ordú dó, ach nach rabh sé le h-imtheacht go n-órdochadh mac na mí chomhairle 'un siúbhail é.
    Shín an péire leo ag tarraingt ar theach a bhí ar a n-gaobhar. “Tá graithe agamsa isteach sa teach seo,” arsa an diabhal.
    Nuair a thainic siad comhgarach den teach déirigh loch uisge thart fa dtaobh de, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Padraic Mac Eiteagáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Fánaibh, Co. Donegal