School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 430

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 430

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 430
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus gan beathach ar bith agam?”
    “Ní bhéidh tú i bhfad gan beathach”, ars an ceannphoirt agus tharraing sé buachallan buidhe as an talamh, agus le casadh do láimhe bhí an gearran deas liathghorm a ba bhréaghtha da bhfacaidh Tailligh ariamh na sheasamh annsin, gléasta le diallaid agus le srian.
    “Léim a mharcuigheacht ar an bheathach sin!” ars an ceannphoirt, “agus na labhair focal as do bhéal go stadfaidh an rása!”
    Rinn Tailligh mar h-iarradh air, agus ní rabh moill go rabh an sluagh ar shiubhal ar chos in áirde. Nuair a stad siad de’n rása, bhí teach in aice leo, solus ag teacht amach ar gach fuinneog agus doras da rabh air. Seinim ceol agus portuigheacht agus damhsa le cloinstean, agus achan chosamhlacht go rabh sult agus greann mór ar siubhal ann.
    Dubhairt ceannphoirt an tslóigh sidhe le Cailligh gur baineis a bhí ar siubhal ins an teach, agus go rabh siadsan ag dul isteach - ar chuireadh ‘n stucaire. Diarr sé ar Thailligh nuair a bhéadh siad tamall ar chuideachta na bainnse, cúrsa damhsa a dheánadh leis an oigbhean nua - phósta, agus nuair a bhéadh an cúrsa críochnuighthe, a h-iomcar amach, nó go rabh siad ag dul a fuadach.
    Rinn Tailligh mar [n]?iarradh air. Ag deireadh an chúrsa ba é an rud a shíl cuideachta na bainnse gur thuit an cailín i laige, agus go bhfuair sí bás gan a theacht as an laige. Chuir Tailligh an cailín suas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Nic Grianna
    Gender
    Female
    Informant
    Donall Mac Grianna
    Gender
    Male
    Address
    An Bearnas Uachtarach, Co. Donegal