School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 420
- XML “Seanscéal Gaeilge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Is fursa sin a radh nó a dheánadh” ars an fearamoir. “Níl faic ‘e mhoill a dheánadh”, ars an chailleach. “Da réir mo bharamhla is goirid an tam go rabh caraideas - críostaigh a dhith ort, agus iarr ar Chrochur Bheag a dhul go h-ifreann fa choinne carraideas - críostaigh.
Nuair a d’éirigh Crochur Beag lá thar na mhárach, chuaidh an maighistear un cainnte leis.
“A Chrochuir Bhig”, ar seisean, “an rabh tú ariamh in ifreann?”
“Maise ní rabh”, arsa Crochur, “agus rud eile, níor casadh aon duine ariamh orm a dubhairt liom go rabh sé san áit a deir tú”.
“Ba mhaith liom” ars an maighisteir, “da dtéidhthea go h-ifreann damh fa choinne carraideas críostaigh”.
“Maise rachaidh agus fáilte”, arsa Crochur. “Ba mhaith liom an áit a fheiceil, agus sílim nach mbíonn moill orm eolas an bhealaigh a dheánadh amach. Caide an macasamhail de charraideas críostaigh atá a dhith ort?”
“Ó”, ars an maighistear, “ní bhéidh moill ort a [aithne]? Nuair tchídhfeas tú é. Béidh bearad dearg air”.
“Maith go leor”, arsa Crochur.
Ghléas sé é fhéin, agus shín leis ar a shuaimhneas féin go ndeachaidh sé fhad le geaftaí Ifreann. D’fhosgail sé an geafta agus chuaidh isteach. Nuair a dhearc sé thart bhí sluagh diabhal fa dtaobh de agus iad ag troid agus ag marbhadh a cheile le súistí iarainn, agus an gleo agus an callan a bhí acu ní chluinthea do chluasa leis,(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Eibhlín Bean Mhic Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Informant
- Tarlach Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal