School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Mar Tháinig an Mhaighdean Mhara go Leac Chonaill

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 396

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Chuaidh fear de Chloinn Mhic Aoidh as Leac Chonaill go béil an bharra lá amháin le cruasach deileisc a bhaint, agus dornan crúbog a fhághail fosta. Nuair a bhí sé tamall ag cuartú fa na carraiceacha chonnaic sé ceathrar de mhaighdeana mára ag teacht isteach ar an tráigh, agus chaith siad tamall ag rinnce agus ag deánadh grinn ar an tráigh.
Nuair a thainic siad amach as an uisge bhain gach maighdean acu dithe brath sróil a bhí thart ar a ceann, agus ar a h-éadan, agus d'fhág na luighe ar charraic é. Bhí siad cosamhail le cailíní saoghalta, acht go rabh siad an-doigheamhail. Bhí ghruag fhada chatach bhuidhe síos chomhair go talamh orthu.
D'obair Mac Aoidh, i gan fhios dobhtha, thart go dtainic sé go dtí an charraic a rabh na brat sróil ortha, agus sgiob sé leis ceann de na brait. Ar ball rinn sé casachtach bheag. Chualaidh na maighdeana mára é, agus thainic mar bhéadh sgannradh orthu. Rith siad go dtí an charraic, sgiob gach bean acu léithe a brat sróil, chuach fa na ceann é, agus chuaidh de léim amach san lán mara.
Ach bhí maighdean acu nach rabh brat ar bith fa na coinne, agus thoisigh sise na rith thart, agus ag sgreadaigh agus ag sgréachaigh mar bhéadh duine as a chéill ann. Annsin thainic Mac Aoidh un tosaigh. Dubhairt sí leis da ma abé thug leis a brat, a thabhairt arais dí, no nar bhfhéidir leithe fághail arais na bhaile gan é. Dubhairt MacAoidh leithe teacht na bhaile leisean agus go bpósfadh sé í. Agus go

(continues on next page)
Collector
Máirín Nic Grianna
Gender
female
Informant
Pádraic Ó Gallachobhair
Gender
male
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish