Sean Sgéal.
Bhí gasur ann fad ó shoin. Bhí a mhathair an bhocht mar go rabh sí na baintreabhaigh. Lá amháin diarr an gasur ar a mhathair culaith úr a cheannacht dó. Dubhairt an mhathair leis go gcaithfeadh sé fanacht go gcuirfeadh Dia culaith chuige. Dubhairt an gasur le na mhathair go rabh sé gabhail a sgríobhadh litir fhad le Dia fa choinne culaith. Sgríobh sé an litir. Chuir sé isteach sa chumhdach í, dhruid sé an cúmhdach, agus chuir sé stampa air.
Nuair a bhí sé ag gabhail fhad le oific an phuist casadh fear bréagh air a rabh cuma dheas uasal air. D’fhiafruigh an fear uasal den ghasur cé’n áit a rabh sé ag gabhail. Dubhairt an gasur leis an fhear go rabh sé ag gabhail a chur litir fhad le Dia fa choinne culaith úr.
Diarr an fear an litir ar an ghasur, agus thug an gasur dó an litir. Dubhairt an fear uasal leis a bheith ag teacht leisean. Chuaidh an gasur agus an fear uasal go dtí an baile mór. Chuaidh siad isteach go siopa mór éadaigh a bhí ar an bhaile. Cheannuigh an fear uasal an chulaith a b’fhearr agus a ba deise da rabh sa t-siopa, agus thug sé don ghasur í thug sé airgead do fosta fa choinne a mhathair.
Aingeal a thainic ó Dia a bhí an fhear uasal.
Tógadh an sgéal seo as coip-leabhar Sheán Uí Bhaoghaill, Rang 5 agus fuair Seán an sgéal ó na athair - Seán Ó Baoghaill - Leac Chonaill.