Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Shalwy, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 227
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amhain agus dar le fear acú go rachadh sé ar saidhbhris.”
Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amháin agus dar le fear acú go rachadh sé ar saidhbhris. Dimthigh sé leis agus rinne sé fastughad le sgológ agus ba é an margadh a rinne siad dá mbíodh ceann acú feargach leis an ceann eile na dhá chluasa a ghearradh de.
An chéad lá bhí an buachaill aimsire ag bualadh coirce agus ní bfuair se aon ghreim le h-ithe ar fead an lae.
Ins an tráthnóna tháinig an sgológ fhad leis agus d’fhiafruigh an buachaill do an rabh an breicfeasta réidh agus dubhairt an sgológ nach rabh Agus dubhairt an sé nach mbead breicfeasta ar bith le fághail aige an lá sin Agus d’fiafruigh sé do an rabh fearg air agus dubhairt seisean go rabh agus dubhairt an sgológ go gcaithfeadh seisean na cluasa a bhaint diot Gearr sé na cluasa de agus dimthigh sé leis abhaile gan cluas ar bith.
Tamall na dhiaidh sin dar leis an dara fear go rachadh sé fhéin ar saidhbhris Dimthigh sé leis agus rinne sé fastughadh leis an fhear céadna Rinne siad an margadh céadna An chéad lá cuireadh eisean ag sgoilteadh póir.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Padraig O Baoighill
- Inscne
- Fireann