School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 228
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amhain agus dar le fear acú go rachadh sé ar saidhbhris.”
(continued from previous page)Bhí sé tamall maith sa lá agus gan duine ar bith l ag teacht le sgairt a dheanamh air chuig a bhreicfeasta. Nuair a tháinig an oidhche tháinig feirmeoir agus d’fhiafruigh an buachaill do an rabh an breicfeasta réidh agus dubhairt an feirmeoir nach rabh agus d’fhiafruigh sé don bhuachaill an rabh fearg air agus dubhairt an bhuachaill go rabh Bháil arsan feirmeoir caithfidh mise na cluasa a bhaint díot Do ghearr an feirmeoir na cluasa de agus dimthigh sé leis abhaile agus dubhairt gach duine da bhfaca é go rabh an droch ádh ag iomchar leo.
Annsin smaoithigh an fear a b’óige go rachadh sé fhein amach agus dimthigh sé leis le sgeal fada a dheanamh goirid chuaidh sé go dtí an teach céadna. An chéad lá cuireadh eisean ag bualad coirce fosta áhus ní bhfuair sé breicfeasta ar bith ach oireadh.
Nuair a tháinig an mheadhon lae tháinig éan beag chuige a dubhairt leis nach rabh sé ag gabhail a fhaghail aon ghreim le h-ithe agus go rabh aonach mhaith ann indiu agus cuid den coirce sin a thabhairt leis go dtí an aonach agus é a dhíol. Rinne an buachaill mar h-iarradh air thug sé leis an choirce go dtí an aonaigh agus do dhíol sé é agus fuair sé luach mhaith air.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Padraig O Baoighill
- Gender
- Male