School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 229
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amhain agus dar le fear acú go rachadh sé ar saidhbhris.”
(continued from previous page)Annsin cheannuigh sé a dhinnear agus chuaidh sé go dti an áit a rabh sé ag bualadh an coirce. Ins an tráthnóna tháinig an feirmeoir fhad leis agus d’fhiafruigh sé do an rabh sé ag bualadh an coirce i rith am agus dubhairt sé go rabh agus d’fhiafruigh sé do an rabh ocras air agus dubhairt an bhuachaill nach rabh ocras ar bith air Agus nach rabh aonach mhaith ann indiu arsan bhuachaill.
Caidé’n dóig a bfuil fhios agat sin arsan feirmeoir. Tá fhios agam no bhí mé fhéin annsin. Caidé thug annsin thú arsan feirmeoir. Chuaidh mé ann le coirce a dhíol. Caidén (dóig) Ait a bhfuair tú an coirce. Fuair mé é sa stábla seo. Agus cé d’iarr ort an coirce sin a dhiol. Níor d’iarr duine ar bith orm é a dhíol arsan bhuachaill.
Bhí an feirmeoir ag éirghe mí shásta agus feargach aindeoin nar dhubhairt sé sin. Annsin d’fhiafruigh an bhuachaill don fheirmeoir an rabh fearg air agus dubhairt sé nach rabh. An dara lá tugadh dhá trucaill do agus h-iarradh air leas a chur amach ar pháirc agus ní bhfuair sé breicfeasta ar bith.
Nuair a tháinig an mheadon lae tháinig an t-éan fhad leis agus dubhairt sé leis go rabh lá margaidh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghóill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Informant
- Padraig O Baoighill
- Gender
- Male