Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Shalwy, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 230
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí triúr dearbhráthair ann aon uair amhain agus dar le fear acú go rachadh sé ar saidhbhris.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ann an lá sin agus dubhairt sé leis ceann de na ciaple a bhí aige a thabhairt un mhargaidh agus a dhíol. Rinne an bhuachaill mar h-iarradh air. Dhimthigh sé leis agus dhíol sé an chapall agus an trucall. Annsin cheannuigh sé a dhinnear agus dimthigh sé leis agus thóisigh sé ag cur amach an leas leis an trucall eile.
Ins an tráthnóna tháinig an feirmeoir fhad leis agus d’fhiafruigh do an rabh ocras air agus dubhairt an bhuachaill nach rabh agus nach rabh margadh maith ann indiu. Caide’n dóigh a bhfuil fhios agat sin. Tá fhios agat no chuaidh mé ann le capall agus trucall a dhíol arsan bhuachaill.
Bhí an feirmeoir agus a bhean ag éirge tuirseach den bhuachaill agus ní rabh fhios acú dóig ar bith le deireadh a chur leis no nuair a thainig sé ba é an margadh a rinne siad é a bheath (ar) annsin go seinfeadh an chuach ar na géaga taobh amuigh. Ar maidín lá thar na bharach d’iarr an feirmeoir ar an bhuachaill bothar glanadh a bhí ag gabháil ó na theach san go dtí an teach phobail sa dóug go dtiocfadh leis fhein agus a bean agus an ministir agus a bean siubhall air ins na stocaí agus gan iad a bheith fluic. D’imthigh an buachaill leis agus chuir sé cloca ar an casan. Tháinig an lá a rabh an ministir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghóill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Padraig O Baoighill
- Inscne
- Fireann