School: Ceathrú Thaidhg
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mag Shamhráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 462
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí mac amháin aici.”
(continued from previous page)Chuaidh sí amach agus bhí sí imthigh timcheall uair an chluig nuair a lean an mac í. Bhí sé ag imtheacht leis go dtainic sé go páirc mhór agus bhí go leor daoine ag imirt liathróid le seacht mbliain agus mórbh' fhéidir le ceachtar acu an bhuaidh a fhagháil ar an bpáirtí eile.
Nuair a chonaic an gasúr seo nach raibh ceachtar acu ag fagháil buaidhe ar an bpáirtí eile, léim sé suas agus rug sé ar an liathróid agus chuir sé amach góal, agus rith na daoine aige agus thoisigh ghá mholadh. Dubhairt siad go mb'é an fear a b'fhearr sa bpáirc é.
Dubhairt siad annsin leis go raibh teach annsin thíos, agus go bhfuair tighearna talaimh bás ann, agus go mbíodh sé tigheacht ina thaidhbhse san oidhche, agus go mbíodh daoine ag iarraidh gan fanacht ann san oidhche leobhtha féin, agus(continues on next page)- Collector
- Éamonn Ó Muireadhaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Corrán Buí, Co. Mayo
- Informant
- Eibhlín Ní Mhaoldhomhnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- An Corrán Buí, Co. Mayo