06/09/2021 Weekly Pick  (See more »)

School: Ceathrú Thaidhg

Location:
Carrowteige, Co. Mayo
Teacher:
Pádraig Mag Shamhráin

Filter stories

Back
/ 500 Forward
Resolution: Low | High
An Chaoi le Curach a Dhéanamh

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 345

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a bhíonns fear ag déanamh curaigh ceannuigheann sé an t-ádhmad agus gearrann sé dhá gharmain uachtair agus dhá cheann íochtair agus na clórdaí as an ádhmad. Annsin ceannuigheann sé lataí, fonsaí, glúine agus cuingeanna.
Cuireann sé na fonsaí síos i bpoll atá sa ngarmain agus greamuigheann sé na lataí dhíobhtha le táirngí. Annsin greamuigheann sé na clórdaí de'n gharmain íochtair. Cuireann sé na glúine isteach annsin idir an gharmain uachtair agus na clórdaí agus coinnigheann siad daingean iad.
Annsin ceannuigheann sé éadach (cadás) láidir agus cuireann sé thart taobh amuigh ar an gcurach é. Taráileann sé an t-éadach

(continues on next page)
Collector
Antoine a' Búrca
Gender
male
Address
Portacloy, Co. Mayo
Informant
Seán a' Búrca
Gender
male
Address
Portacloy, Co. Mayo
Language
Irish