School: Ceathrú Thaidhg
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teacher: Pádraig Mag Shamhráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 432
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sin ann fad'ó agus fad'ó bhí. Dá mbeinn-se ann an uair sin ní bhéinn anois ann.”
(continued from previous page)Bhí seo i nÉirinn fad' ó shoin - beirt 'righthe' agus bhí beirt mhac acú. Tóigeadh suas ina mbeirt phrionnsa óga iad. Rinne siad aimsir lá agus bliain leis an fhairrge, ag dul thart le n-a taobh.
Ní fhaca siad tada go dtí an lá deiridh. Chonaic siad bád beag ag teacht go folcanta folcanta fíor-doimhin. D'fhan siad go dtainic sí comh fada leobhtha. Ghluais amach as bean. Chuir sí comhrádh orra.
D'fhiafruigh sí díobhtha an n-imreochadh siad cluiche cárdaí nó dísle. Dubhairt siad nach raibh a ngléas imrithe as an mbaile leobhtha.
"Tá sé liom-sa," ar sise.
Thóg sí amach slatóg bheag agus rinne sí trí cathaoireacha óir agus bord airgid.
"Séard a bhéas annseo," ar sise , "an céad duine a chuireas cluiche,(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- An Corrán Buí, Co. Mayo
- Informant
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- An Corrán Buí, Co. Mayo