School: Naomh Seosamh, Shrule
- Location:
- Shrule, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál Ó Reachtaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Seosamh, Shrule
- XML Page 038
- XML “Scéal”
- XML “Story”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear go raibh eascú an-mhór i Loch Laogh uair amháin agus bhí sé comh mór sin go raibh sé in ann beithidheach a thabhairt ón dtalamh isteach sa loch. Bhí feilméar in a chomhnuidhe in aice leis an loch agus bhí bó aige. Bhíodh laogh ag an mbó gach bliadhan agus thagadh an eascú suas ón loch agus thógadh sé an laogh leis. Tháinig fearg ar an bfeilméar agus dubhairt sé leis an maor dá mbheadh an beithidheach tógtha an uair seo go marbhóchadh sé é. Chuaidh an maor go gabha agus rinne sé claidheamh dhó. Chuaidh an maor go dtí an áit an raibh an bhó agus ag a dó dhéag a chlog an oidhche tháinig an eascú suas go dtí an áit a raibh an bhó. Bhí an maor annsin agus bhuail sé buile uirri. Chas an eascú suas agus chuaidh sí go dtí an loch agus nuair a chuaidh sí isteach ins an loch chas an t-uisge dearg le fuil. Ní fhaca aon duine an eascú tar éis sin. Sin é an fath a tugadh Loch laogh ar an loch sin.
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Collector
- Paddy Gannon
- Gender
- Male
- Address
- Shrule, Co. Mayo
- Informant
- Martin Gannon
- Gender
- Male
- Address
- Shrule, Co. Mayo