Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Killadysert, Co. Clare
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 287
- XML “Na hOileáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é. Tá sé ceathramhadh míle ón dtrágh ar bhruach deise na h-Abhann. Baineann sé le paróiste Cill-Críost i mbarúnacht Cluain-idir-lá. Tá 493 acraí ann. Bhíodh líon ag fás ann sa t-sean aimsear agus deireadh na mná éadaigh lín leis sin. Deineadh na mná éadaigh olna ó olainn na gcaorach. Ní cuirtear líon ins an oileán anois. Chuir Naomh Seanán mainistear ar bun ar an oileán soe agus do chuir sé Naomh Liberins mar abb nó ád manach air.
Oileán na bFiadhBhí fiadhcha le fághail go fluirseach ins an oileán sin agus sin é an fáth gur tugadh an t-ainm sin air.
Inis Dhá DhruimTá cosamhlacht idir an oileán seo agus Dhá Dhruim. Mar sin glaodhtar Inis Dhá Dhruim air uaireannta. Tugtar Inis Coinínidhe mar gheall ar na coinínidhíbh atá go fluirseach ann.Tá sé timcheall ceathramhadh míle ó'n dtráigh agus leath sighe i mbéal an Fhearguis. Níl sé ach leath chomh mór le h-Inis Mhór. Tá cloch aoil ann.
Bailightear feamnach ó'n dtráigh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Maoláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Killadysert, Co. Clare