School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 237

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 237

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 237
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna - Cill an Dísirt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá Dún suidhthe i Leac na Sionnach, ceann eile i mBaile Leana, ceann eile i Lios Cormaic, ceann eile i gCathair Dhá Coun agus Dún i mBaile Léana, ceann i Lios na bhFaithche, ceann in Luis (?) Corcair
    (a) Dún mBaile Léana
    Ceapann daoine an bhaile fearthainn seo gurbh iad na Danair a thóg na dúnta. Tá an dún sin suidhte i bhfeirm muinntir Maoldhomhnaigh. Tá leactán cruinn timcheall air i clais doimhin (?) sin. Tá gach sórt tor ag fás 'na lár. Creideann na daoine go bhfuil bóthar fé thalamh ag treorú ón ndún san go dtí an dún atá i Leach na Sionnac. Deireann na Sean-Daoine nach ceart an rud (?) tuir inaice an dhúin do bhaint.
    Tuairim deich mbliadhain ó shoin bhí fear ag treabhadh na páirce chun gáirdín a dheanamh dhi. Do thuit capall don seifrigh (?) tinn agus do fuair sé bás go h-obann. Níor lean sé an treabhadh. Féarach ba eadh an talamh sin ón lá sin amach.

    (b) Dún i mBaile Léana
    Bhí fear agus a mhac agus cúpla fhear eile ag teacht abhaile o thoramh aon oidhche. Nuair do thánaigeadar inaice an dhuin do sheas an fear chun a phíopa a lasadh agus do lean a chompánacha ar siubhail. Tar éis tamaill nuair na raibh sé ag teacht do chuaidheadhar thar nais ar lorg ach bhí sé imthighthe díreach mar sloigfeadh an an talamh é. Do leanadar ar loirg ar feadh seachtmhain. D'inniseadar an scéal do na póíliníbh abhí in Éirinn annso ach tásg nó túairsc de ní fuair aon duine.
    Bhí muileann plúir sa chomharsanacht an t-am sin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Dotháin
    Gender
    Female
    Age
    30
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Baile Uí Leáin, Co. an Chláir