School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 200
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach - Gort Glas, An Loch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an áit sin suidhte timcheall míle ó Chill-an-Dísirt. Tá oileán an bheag i lár an locha agus is mó scéall greannmhair a bhaineann leis sin. Aon oidhche de dhein fear sa chomharsanacht taidhbhreamh go raibh ór curtha fé chrann áirithe ins an oileán sin agus go raibh greideall ar a bhárr.
    Do chuaidh triúir comharsain eile in éinfeacht leis agus do thugadar aghaidh chuig an oileán uair an mheadhon oidhche. Do thosnuigheadar ag rómhar agus do leanadar an obair go dtánaigeadar go dtí an greideall fé dheire. Is ortha abhí áthas annsan, geallaim duit. Bheadh deire le cruadhtan an t-saogháil mar do cheapadar, ach ní riabh an scéal críochnuighthe fós.
    Bhíodar ag moladh iad féin le h-áthas nuair d'airigheadar guth riúindeamhsa ag caint in gar dóíbh. D'órduigh an fear suidhe dóíbh an poll do dúnadh arís gan mhoill agus iad féin a iomchair abhaile láithreach bonn. Fir misneamhla ba eadh iad go léír agus cé go raibh eagla ortha do leanadar ag romhar gan stad. Tar éís tamaill eile d'airigheadar guth eile ag radh "lean libh" no "leanaidh libh" agus do thguadar a chomhairle.
    Do léím an greideall go h-obann amach as an bpoll. Do lean an t-ór é. Bhíodar go léir caithte ar bhárr an phuill cé nach bhfeaca na fir éinne gá láimhsuighadh. Do thugadar iarracht an t-ór do bhailiú ach do theip ortha an piosa is lugha do thógaint. Do tharraingeadar as láímh a chéíle ach níor eirigheadar leo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Brighid Bean Uí Deasaidh
    Gender
    Female
    Age
    75
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Killadysert, Co. Clare