School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 189

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 189

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 189
  3. XML “Feirmeoir Chill an Dísirt agus an Sí Ceoil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeóir na chomhnaidhe i gcorsanamhacht Cill-an-Dísirt darabh ainm Fearachán. Sin é an tam go raibh righthe Éireannach ag riaghlú na tíre agus is minic a thugaidís cúaird fé thighthe na bhfeirmeoirí go mór-mhór tar éis teacht naoimh Pádraig
    Do dhein Fearachán taidhreamh aon oidhche go dtugfadh triúir righthe cúaird ar a thigh agus go mbeidh deire leis fein annsan ar an saoghal seo. Do dhein sé taidhreamh ar an rud ceadna trí h-oidhcheanta. Bhí sé ag fanamhaint le teacht na righthe agus a chroidhe 'na beal aige le tamall maith agus fe dheire do dhein sé dearmhaid ar iad féin agus ar an dtaidhreamh nuair na rabhadar ag teacht
    Bhí sé aon tráthnóna 'na suidhe ar a shuaimhneas nuair thánaig teachtaire a rádh go raibh righthe ag deanamh ar an dtigh. Is beag fáilte a chur Fearachán bocht rómpa nuair do thánaigeadar isteach. Nuair d'innis sé a thadhreamh dóibh do dheineadar neamh-nidh air agus do thosnuigheadar ag magadh fé chun misneach a thabhairt. Do gealladar do congnamh a thabhairt do in aghaidh gach namhadh. Do shuidheadar síos agus tar éis tamaill do chuireadar fé tubán mór é áit a raibh sé go seascair agus a thriúir cairde gá chosaint .
    Nuair abhí sé ag deanamh ar uair an mheadhon oidhche do bhuail duine éigin ag an ndoras agus d'eirigh duine des na righthe chun é d'oscailt. Do bhog duine isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Grádaigh
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupations
    Búistéir
    Feirmeoir
    Siopadóir
    Address
    Killadysert, Co. Clare