Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeóir na chomhnaidhe i gcorsanamhacht Cill-an-Dísirt darabh ainm Fearachán. Sin é an tam go raibh righthe Éireannach ag riaghlú na tíre agus is minic a thugaidís cúaird fé thighthe na bhfeirmeoirí go mór-mhór tar éis teacht naoimh PádraigDo dhein Fearachán taidhreamh aon oidhche go dtugfadh triúir righthe cúaird ar a thigh agus go mbeidh deire leis fein annsan ar an saoghal seo. Do dhein sé taidhreamh ar an rud ceadna trí h-oidhcheanta. Bhí sé ag fanamhaint le teacht na righthe agus a chroidhe 'na beal aige le tamall maith agus fe dheire do dhein sé dearmhaid ar iad féin agus ar an dtaidhreamh nuair na rabhadar ag teachtBhí sé aon tráthnóna 'na suidhe ar a shuaimhneas nuair thánaig teachtaire a rádh go raibh righthe ag deanamh ar an dtigh. Is beag fáilte a chur Fearachán bocht rómpa nuair do thánaigeadar isteach. Nuair d'innis sé a thadhreamh dóibh do dheineadar neamh-nidh air agus do thosnuigheadar ag magadh fé chun misneach a thabhairt. Do gealladar do congnamh a thabhairt do in aghaidh gach namhadh. Do shuidheadar síos agus tar éis tamaill do chuireadar fé tubán mór é áit a raibh sé go seascair agus a thriúir cairde gá chosaint .Nuair abhí sé ag deanamh ar uair an mheadhon oidhche do bhuail duine éigin ag an ndoras agus d'eirigh duine des na righthe chun é d'oscailt. Do bhog duine isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Grádaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairmeacha beatha
- Búistéir
- Feirmeoir
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir