Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 256
- XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine in Éirinn Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In am an Ghorta agus na pláíghe in Eirinn is minic d'imthigh truagh as croidhe na ndaoine agus tánaig dúncraoidheacht (?) 'na ionaid. Do leigidí ortha abheith bocht ar eagla go gcuirfeadh iachall ortha a congnamh a thabhairt dá gcomharsain bochta.Bhí bean ag taistíl na tíre an t-am sin agus triúir leanbhaí ar a sálaibh. Do ghlac truagh na daoine di agus dá bhrígh sin is mó déarc a fuair sí. Bhí deallreamh an bhochtanais uirthi féín agus ar a cuid leanbhaí.Fé dheire do thuiteadar go léir tinn agus do chuireadh isteach san ospidéal in Inis iad. Mar ba ghnáthach do cúartuigh an trom-mhathair an bhean agus do leath a súile uirthi nuair d'fhuair sí admháíl bainc i gcóír 60 púint agus deich bpúint eile in nótaíbh agus airgead.Thánaig Fearg ar an mnaoi agus d'imthigh sí ar as an ospidéal go tapaidh agus d'fhág sí aclann 'na diadh fé chúram na trommathar. Bhí sí an-chorruightheach ar fad agus do chuir sí an ciste 'na stoca agus ba é deire an Scéíl ná gur chiall sí é go léir. Annsan bhí sí chomh bocht agus bhí sí riamh.
- Bailitheoir
- Máire Nic Craith
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Buailte Dúlainn, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Pádráig Ó Maoláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Buailte Dúlainn, Co. an Chláir