School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 193

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 193

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 193
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Cad é an rud é seo? téidheann sé timcheall na coille agus timcheall na coille ach mar sin féin ní théidheann sé isteach sa choill choidhche - croiceann an chrainn
    2. Cad é an rud é seo? Tá soitheach lán ach mar sin féin is féidir leat níos mó a chur isteach ann - pota lán do phrátaibh sul a cuirtear an t-uisce isteach ann
    3. Cad é an rud é seo? tá ceann mar mhéarchán air agus earball cosamhail le franncach - píopa i gcóir tobac
    4. Cad é an rud ná cuireann aon cheist ach a fhreagaireann - cnapán nó clog an dorais
    5. Cad na thaobh gur ait an t-ainmhidhe an muc - mar mharbhuightear í chun í do leigheas
    6. Cad é an rud é seo? Tá trí cosa ann ach mar sin féin ní féidir leat siubhail - slat
    7. Sinéad (?) leath istigh de gheata leath is amuigh do gheata nuair a chuireann tú lámh ann dóighfidh sí tú.
    8. Caora dhubh agus olann bhán uirthi - cáca dá bhacáil sa ghreidheal.
    9. Cad a cuirtear suas nuair a bhíonn an fhearthainn ag teacht aníos - scáth fearthainne.
    10. Tá tigh beag agam agus tá sé chomh beag san ná féidir luc dul isteach ann ach mar sin féin ní féidir leis na fearaibh go léir i gco. an Chláir an méid fuinneóg atá ann d'áirim mearachán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Language
    Irish