School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 214

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 214

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 214
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach - Coinigéar Lane (Lanesborough)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá abha mhór i gcoinigeár láne (?) agus deintear úasáíd aisti mar theóra idir a lán feirmeacha. Is mó sceál greannmhair a innistear mar gheall ar an abhainn seo. Is féídir le daoine dul treasna na h-abhann ag an gcisígh 'na bhfuil carraig mhór sáidhte isteach go daingean sa talamh. Tá dealbh áit ins an gcarraig céadna agus ní féidir daoine ná daonaí cor a bhaint aiste. Bíonn dóib ghorm 'na timcheall i gcomhnaidhe. Carraig draoidheachta is eadh í do réir tuairim na ndaoine sa chomharsanacht.
    Do theasbáín leipreachán é féín ann go minic ó am go h-am agus, mar is gnath leis é i gcomhnaidhe an-ghnothach ag deisiú bróíge. Is mó iarracht a deineadh chun greim do chur air ach do theip ortha go léír. Sprid cliste is eadh é mar do réír an dheallraimh is féidir leis teacht slán as gach deacaireacht agus sin í an adhb. Ní fheaca éinne an leipreachán anois le cúig bliadhna deag. Is minic a theasbáin sé é féín go dtí san.
    Ba dhóígh leis na sean-daoine gur stad an bogha baistighe os cionn na carraige seo agus go raibh pota óír curtha i bhfolach fuithi. Do chuaidh fear uair an mheadhon oidhche chun an charraig do bhriseadh le púdar. Bhí sé ar tí leasán a chur leis an bpúdar nuair do theasbáín an leipreachán é feín dó. Do thug sé comhairle a leasa do. Dubhairt go marbhochthaí an fear ins an bpléísg dá mb' rud é go gcuirfeadh sé leasán leis an bpúdar agus annsan cad é an mhaitheas do bheith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Seamus Mac Ginnáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballyleaan, Co. Clare