School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 247

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 247

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 247
  3. XML “Longbhriseadh in aice Tigh Solais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (2) San mbliadhain 1888 bhí long ag teacht o America theas go Luimneach le h-ualach coirce. Nuair do thánaig sé isteach i mbéal na Sionnaine ní riabh an piólóideach ann chun í a thabhairt go Luimneach. Ní riabh eolas na h-abhann ag an gcaptaoin agus do chuaidh an long ag carraig inaice tighe an t-Solais.
    Nuair thánaig an píolóideach thios fé comhairle de'n chaptaoin an t-ualach do dhéanamh éadtrom idtreó is go bhféadfadh se í a thógaint as an gcarraig gan dioghbháil a dhéanamh dí. Bhí an coirce tamall beag fliuc agus do dhíol an captaoin é do na daoinne a thánaig chuige. Do chuaidh bádóirí Cill-an-Dísirt chuige agus do dhíoladar a lán de dhóibh. Do cheannach feirmeóirí na h-áite é i gcóir beithidheach agus thánaig mórán tairbhe dóibh as an ngluaiseacht san.
    Cuireadh an píolóideach fé dhéin cuirte chun cúntas a thabhairt do'n bhreiteamh cad a chuir mhoill air. (Ba é a bhí cionntach le tionóire na luinge) Níor fhéidh sé an chuirt do shásamh agus tugadh teistimeáracht an phíolóidigh uaidh agus daoradh chun fíneála a dhíol do.

    (3) Do thug triúir fir cúairt ó Eas Céiteinn go Cill-an-Dísirt tuairím dachad bliadhain ó shoin. Nuair a bhíodar ag dul abhaile baidheadh iad inacie le tig an tSolais. Do chonnaic fear an thighe Soluis iad ach níor fhéad sé aon congnamh a thabhairt dóibh. Fuaireadh na cuirp agus cuireadh iad in Eas Céitinn Co. Luimnigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish