School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 183
- XML “Scéal Grinn - Máire agus na Piseoga i Lios Uí Chathasaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Feirmeoirí ba eadh mo shinséar romham leis na circe. Bhí slighe beatha níos fearr aca ná mar atá ag mise - múinteóracht. Bhí feirm ceithre ba deag ag mo shean-athair i Lis Ní Cathasaigh. Bhí feirm do'n thoirt ceadna ag a dhriothabhair ar an dtaobh eile de'n bhóthar. Aon bhliadhain do thárla níor fhead muinntear mo shean-athar aon ím a dhéanamh as uachtar a gcuid bó. Do chuiridís an chuigionn isteach sa chuinneóg i bhfuirm bairille agus bhídís ag maistriughadh ó mhaidean go h-oidhche ach do theipidís ortha im do dhéanamh. Fé dheire b'éigean dóibh eirighe as agus an t-uachtar a thabhairt do na mucaibh.Ní raibh aon tigh uachtair in Eirinn an tam sin mar atáid anois. Is amhlaidh a líonadh na feirmeoirí bairille íme i gcompántas le chéile agus do dhíolaidís iad san ins na margadhaibh a bíodh ar siubhail i gCill-an-Dísirt gach seachtmhain. Bhí feirmeoir beag 'na chomhnaidhe tamall beag ó mhuinntear Eochaidh agus bean cliste ba eadh a bhean Máire. Ní riabh ach ceithre ba ag an bhfeirmeoir sin ach mar sin féin ins an mbliadhain 'na bhfuilimíd ag trácht uirthi ba ghnáth le Máire bairille ime do líonadh gach seachtmhain i gcóir an mhargaidh.Bhí sé do thuairim ag mo shean-athair go raibh sí ag goid a chuid ime ar chuma éigin le draoidheacht ach ní riabh fhios aige cad ba ceart dó a dhéanamh chun an scéil do leigheas fé dheire ar chomhairle carad d'eirigh sé ar bhreacadh(continues on next page)
- Informant
- Máire Brighid Nic Eochaidh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Killadysert, Co. Clare