Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 183

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 183
  3. XML “Scéal Grinn - Máire agus na Piseoga i Lios Uí Chathasaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Feirmeoirí ba eadh mo shinséar romham leis na circe. Bhí slighe beatha níos fearr aca ná mar atá ag mise - múinteóracht. Bhí feirm ceithre ba deag ag mo shean-athair i Lis Ní Cathasaigh. Bhí feirm do'n thoirt ceadna ag a dhriothabhair ar an dtaobh eile de'n bhóthar. Aon bhliadhain do thárla níor fhead muinntear mo shean-athar aon ím a dhéanamh as uachtar a gcuid bó. Do chuiridís an chuigionn isteach sa chuinneóg i bhfuirm bairille agus bhídís ag maistriughadh ó mhaidean go h-oidhche ach do theipidís ortha im do dhéanamh. Fé dheire b'éigean dóibh eirighe as agus an t-uachtar a thabhairt do na mucaibh.
    Ní raibh aon tigh uachtair in Eirinn an tam sin mar atáid anois. Is amhlaidh a líonadh na feirmeoirí bairille íme i gcompántas le chéile agus do dhíolaidís iad san ins na margadhaibh a bíodh ar siubhail i gCill-an-Dísirt gach seachtmhain. Bhí feirmeoir beag 'na chomhnaidhe tamall beag ó mhuinntear Eochaidh agus bean cliste ba eadh a bhean Máire. Ní riabh ach ceithre ba ag an bhfeirmeoir sin ach mar sin féin ins an mbliadhain 'na bhfuilimíd ag trácht uirthi ba ghnáth le Máire bairille ime do líonadh gach seachtmhain i gcóir an mhargaidh.
    Bhí sé do thuairim ag mo shean-athair go raibh sí ag goid a chuid ime ar chuma éigin le draoidheacht ach ní riabh fhios aige cad ba ceart dó a dhéanamh chun an scéil do leigheas fé dheire ar chomhairle carad d'eirigh sé ar bhreacadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Brighid Nic Eochaidh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir