Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Longbhriseadh - An León in Aice Quilty”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (4)
    Tuairim 30 bliadhna o shoin bhí bád seólta darbh ainm "An León" ag teacht o Mhontreal go Luimneach le h-ualach. Bád Franncach ba eadh í agus ualach cruithneachta abhí uirthi.
    Bhí turas maith aici no gur shrois sí béal na Sionnaine. Annsan thánaig stoirm mhór agus chaitheadh an long anso agus annsúd ar an bhfairrge le neart na gaoithe go raibh sí i mbaoghal bhrisidh ar na carraigeacha.
    Tá baile fearthainn inaice Sráid na Cathireach in iarthar Co. an Chláir darb-ainm Quiltí. Iascairí is eadh an cuid is mó des na daoine ann mar tá an baile suidhte ar imeall na fairrge móire. Fir misneamhla is eadh iad san gan dhabht. Nuair do chonnaiceadar fuaireann na luinge i mbaoghal a mbás do bheartuigheadar dul chun iad do sabháil. Do chuaidheadar go tapaidh agus d'eirigh leo na mairnéalaigh go léir do thabhairt i dtír.
    Do thug riaghaltas na Frainnce cúiteamh dóib agus tógadh teampall beag deas ar imeall na mara mar bréagán inóir Máthar Dé. Tugtar Réalt na Mara ar an dteampall san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
        1. longbhriseachta (~384)
    Teanga
    Gaeilge