Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 283
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí aonach Cill an Dísirt caileamhail sa tSeancus...”
Bhí aonach Cill-an Dísirt caileamhail sa t-Seancus. Is i bpáirc an aonaigh i bhfiadhnaise na Sionnaine a bhíodh sé ar siubhail fadó. Thagadh óg agus aosta chuige o gach áird de'n bharúntacht o Líos Ui Catasaigh o Cul Mín o Baile na Caillighe o Leaba Síoda.Cuireadh botháin ar bun annso agus annsud ar fuaidh na pairce. Bíodh óráistí ubhaill misleáin cacaí mílse dhá ndíol ins an gcuid aca. Bhíodh tae agus arán agus crúbíní i gcoir na mban agus na ndaoine óg agus leann agus uisce beata i gcóir na sean-daoine le fagháil i gcuid eile aca.Ins an tráthnóna théideadh na daoine óga agus a dtusmightheóirí isteach sa bhóthán agus bhíodh rinnce agus spórt agus scléip ar suibhail aca ann ar feadh cúpla uair a chluig sul imthigheadar abaile. Is mo cleamhnas a tosnuightear trathnóna an aonaigh. Ceapadh amhran mar gheall ar Aonach Cille-an Disírt.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Eochaidh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Concubhair Mac Eochaidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir