Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach - Leacain na Sionnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 7) Is mo scéal a innistear mar gheall ar Thomás Fada dhein fear taidhbhreamh aon uair. Dubhradh leis go riabh tigh Thomáis déanta as brícíbh agus gurabh fhuiriste iarsmaí an tighe sin d'fhaghail. Bhí sé ráidhte ins an dtaidhbhreamh go raibh boc gabhar agus madra mór ag coimeád an óír abhí le fagháíl ann. Tugadh comhairle do dul go tigh na mbrící uair an mheadhon oidhche nuair a bheadh na h-ainmhidhthe 'na gcodladh. Dá ndúiseochadh siad agus é ag obair d'íosfadís é. Do glac eagla air agus do stad sé abhaile go slán.

    8) Tuairim le céad bliadhain o shoin do chomhnuigh i Leac na Sionnach sean-fhear darbh ainm (-). Do dhein sé taidhbhreamh go raibh ór i bhfolach idtigh brící abhí fé sheilbh Pelix Mac Cáirthaigh an t-am sin. Ba leis muinntear Connail (muinntear Dhomhnaill) Leac na Sionnach an t-am sin agus ba é Mac Cárrthaigh abhí mar thimthire ar an dtalamh-dísle. Bhí sé ráidhte ins an dtaidhbhreamh má is rud é go dtanaig aon duine isteach sul a raibh an t-ór 'na sheilbh teipfeadh air é d'fhagháíl in aon chor.
    Ar uair an mheadhon oidhche do chuaidh an sean-fhear go dtí an tigh agus lampa beag i láímh aige agus rán ar an láímh eile. Do lean sé ag rómhar go dtánaig sé go Leac Mhór. D'árduigh sé cuinne de'n lic nuair do chonnaic sé cruach mhór óír fuithi. Ar an nóimint sin d'áírigh sé ceann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Garraí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir