School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 205
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Eireaball in aice le Cill an Dísirt”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm Tomás (-) na chomhnaidhe ins an Earball fadó. Feirmeóír beag ba eadh e. Tá a mhuinntear na gcomhnaide ann fós agus deirtear go bhfuil cóip do thaingaire Colm Cille aca mar daoine go bhfuil baint aca le rudaíbh dóthuigseana is eadh iad go léir.Do dhein Tomás taidhbhreamh trí oidhche in-diaidh a chéíle go bhféadfadh sé feín i comharta do pota óir d'fhagháil i dtráígh Seanala (?) i ngar dóibh. Bhí sé ráidhte ins an dtaidhbhreamh go raibh an pota clúduighte le leac mhór, agus go ndeanfaí iarracht ruaig a chu air féin agus ar an bhfear eile ach tugadh comhairle do gan a chuid misnigh do chailliúint agus bheadh sé saidhbhir go deó.Do thgadar rána agus sluaiste ín éinfeacht leoa gus do thosuigheadar ag triall go dtí an áit 'na raibh saidhbhreas an domhain mar a cheapadar. Uair an mheadhon oidhche abhí ann nuair do thosnuigheadar ag ramhadh. Bhíodar ag obair go dtí go dtánagadar go leic mhór abhí ar bhárr an óir. Bhí deire leis an saothar anois agus do shuidheadar síos. Cad a thiocfadh os a chomhair amach ar an nóimint sin ach cú uathbhásach. Bhí deallreamh an diabhail air agus spréacha ag teacht as a dhá súil. Do thosnuigh sé ag tafant i dtreó is do cheapadar gur chrioth an talamh timcheall ortha. Do choisnigheadar iad féin chun béarna a chur idir iad féin agus cú an Ifrinn mar do thugadar air 'na n-aigne féín. Chomh(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Mac Maoláin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Booltydoolan, Co. Clare