Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Killadysert, Co. Clare
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach - Gort Glas, An Loch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is é tuairm a lán dhaoine go raibh ór curtha i bhfolach fadó i n-oileán bheag i lár an locha. Bhí sé ráídhte aon uair go bhfuigheadh duine an t-ór ach dul go dtí an t-oileán Dia Domhnaigh idir an chéad aifrinn agus an dara aifrinn i gCill-an-Dísirt.
    D'airigh triúir buachaillí an sceál seo o bhíodar an óg agus fe dheire do chuireadar rómpa firinne an scéil do dheimhnú agus cuairt a thabhairt chuig an oileán an chéad Domhnach eile. Do leig duine aca da mhathair go raibh sé ag dul ag lámhach agus do thgu sé agus thug sé an guna abhí os cionn na teine leis. Do theagmhaigh sé an bheirt eile ag an gcrois agus rán agus sluasad aca i gcóír na h-oibre abhí idir láimh aca.
    Ramhaigheadar go dtí an t-oileán. Ag teacht i dtír dóibh do leigeadar an guna go h-aireach ar an dtalamh agus annsan bhíodar ag réidhteach cár ba ceart dóibh a thosnughadh. Bhí an guna ós a comhair, i bhfuidhnaise na bhfear go léir agus gan rud a chur isteach air. Scaoileadh urchar leis go h-obann gan lámh duine na daonaí a theacht i ngar do. Thanaig scannradh ar na buachaillibh agus d'imthigheadar abhaile go tapaidh.

    Micheál Ó Cathasaigh
    Lis Cormac
    5) I Sean-Cúl ait a chaith sé a shaoghal gur phós sé
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Cathasaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Killadysert, Co. Clare